Scoil: Drom Mór (B.), Beantraí (uimhir rolla 13095)

Suíomh:
Dromore, Co. Cork
Múinteoir:
Éamonn Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0294, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0294, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Drom Mór (B.), Beantraí
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Scéil - Máire Ní Cheallaigh agus a Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ar an dtaobh thoir do Chnuc Droma Mhóir tá carraig mór in a raibh buachaill in a chomhnuidhe uair. Bhí a mháthair in éinfeacht leis. De mhuintir Cheallaigh a b'eadh í, agus mar sin, tugadh Máire, nó Máthair, Uí Cheallaigh mar ainm ar an áit. Bhí pluais fé'n charraigh, agus is ann a bhí an áit comhnuighthe aca. In aimsir na buachaillí bána a bhíodar ann, agus tugadh an buachaill bán mar ainm ar an mbuachaill.
    Do bhíodh airm ag an mbuachaill seo. Blunderbus' do b'eadh é. Leis seo do dheineadh sé na daoine a lámhach, go mór mhór na daoine go mbeadh aon airgead aca. Aoinne a bheadh ag ghabháil an slighe, b'éigin dó an bóthar in aice na h-áite seo a thógaint. Do théigheadh moran búistéirí an bóthar, agus do dheineadh an buachaill seo iad a lámhach leis an mblunderbus balbh a bhí aige.
    Aoinne a bheadh ag dul go Corcaigh, nó go aon áit eile dtaobh shoir de'n Carraig seo, b'éigin dó an bóthar seo a ghabháil. Do théidheadh mórán búistéirí an slighe nuair a bhídís ag dul chun na h-aontuighe agus thugaidís roinn maith airgid leo.
    Do dheineadh cuid aca a lámhach, agus do chuirtidhe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge