Scoil: Drom Mór (B.), Beantraí (uimhir rolla 13095)

Suíomh:
An Drom Mór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0294, Leathanach 006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0294, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Drom Mór (B.), Beantraí
  2. XML Leathanach 006
  3. XML “Scéil - Máire Ní Cheallaigh agus a Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i bpoll ar an dtaobh thuaidh de'n Charraig iad. Tugtar Poll na mBúistéirí mar ainm ar an áit. (Tá portach in aice na h-áite seo chomh maith)
    Bhí an obair seo ar siubhal ar feadh i bhfad go dtí fuair saighdiúirí Shasana amach an áit in a raibh an buachaill i bhfolach. Annsan, chuadar fé dhéin na h-áite, agus d'ionnsuigheadar an áit. Do thosnuigheadar ar maidin, agus do leanadar go tráthnóna - iad a' caitheamh leis an buachaill, agus an buachaill ag caitheamh leo.
    Fé dheire do gomcadh an buachaill agus b'éigin dó géilleadh. Annsan do rugadh air, agus do tugadh go Corcaigh é. Do trialladh san áit sin é agus do daoradh chun crochta é. Sar a cuireadh an teud air, do chuaidh sé in áirde ar an stáitse, agus d'fheuch sé mór-thimcheall air, feuchaint a bhfeicfeadh sé aoinne go mbeadh aithne aige air, agus nuair nár chonnaic sé aoinne, do labhair sé mar seo leis na daoinibh a bhí i láthair, agus dubhairt sé go raibh próca óir i bhfolach ar an dtaobh theas de'n chnuic idir dhá sgeach sgeithe, agus aoinne a bhfaghadh é ní bheadh sé dealbh go deo.
    Níor airigheas riamh go bhfuair aoinne an próca ná an t-ór, agus dá mbeadh sé ann uair, is dócha go bhfuil sé ann fós.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge