School: Cill Crócháin (roll number 15410)
- Location:
- Kilcrohane, Co. Cork
- Teacher: Ml. Ó Murthuile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ainm dí, Bean Ní Arundel i nGortnaclosa. Díreach ar an dtaobh tuas den traigh d'oscaileadh poll mór, timcheall sé troighthe doimhin. Cheap na saighdiúirí gur ab' amhlaidh a léim sé isteach sa bhfairrge agus d'eirigheadar as an dtóir. Tá an poll sin le feiscint fós, ach níl sé cómh mór is a bhí sé. Tugtar "Poll an tSagairt" ar an áit sin ó shin i leith.
Do léigeadh Aifreann an uair sin i "gCuais an tSagairt" agus i bpáirc i nGortnaclosa ar a dtugtar "Páirc an Léibín."
Tá áit ar an dtaobh thuaidh den pharóiste seo ar a dtugtar "Leaca na Madraí" agus do léigheadh Aifreann ann. Poll fé thalamh iseadh é agus is féidir le cúigear no seisear dul isteach ann. Tá aol ar leaca na bhfallaí agus tá "Cloc an t-Aifreann" ann fós.
Bhí tigh síos i n-Inis-Leacht agus ba mhinic a dhubhairt sagart Aifreann ann, agus ba mhinic a chasadh na saighdiúirí isteach ann 'á lorg, ach, buidheachas le Dia níor rugadar riamh air. Ach do rugadar ar shagart timceall Brathaillis agus do crocadh é le crann in áit go dtugtar "Cuais Evans" ar. Crann mór do b'ead é sin ach ó shin i leith do mheath sé.
Do b'é an sagart, abhí ceadaighthe do'n áit sin, an t-Athair Quin. Chomhnuigh sé mór thimcheall na h-áite mar a bhfuil cómhnuighe ar S. Mic Manaway(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Dhálaigh
- Gender
- Female