School: Cill Crócháin (roll number 15410)
- Location:
- Kilcrohane, Co. Cork
- Teacher: Ml. Ó Murthuile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gan focal a radh mar gheall ar agus choimeád sé féin súil air. Tar eis tamaill fuair sé amac gur sagart óg abhí aige mar fear aimsire. Labhair sé go cneasta leis an sagart agus ar seisean, "Cad na taobh nár innis tú dom gur sagart thú agus go raibh an bóthar san le gabháil agat gach Domhnach gan bróga ar do chosaibh. Dob'usa dhuit capall d'fhághail uaim-se chun an turas do dhéanamh.
Níor thaitn sé sin leis an sagart go raibh sceidhte ar a rún. D'imthigh sé as an áit agus ní feacha aoinne ann ó shin é.
Bhí sagart eile ag teicheadh ar muin chapaill. Do stad sé ós cómhair dorais mná boichte agus do rith sé isteach. Tháinigh eagla ar an mnaoi. Dubhairt sé leis i nGaedhilg "Ar son Dé buail amach is na feiceam na saigdiúirí a mharbhú tú. Dubhairt an sagart gan eagla a bheith uirrti. Do sheas sé ar an urlár. Tháinigh na saighdiúirí isteach. Ní feacadar an sagart na an capall agus d'imthigheadar 'á lorg. Dob'é an sagart seo an t-Athair Donnchad Ó Suilleabháin Iongantas ó Dhia dob'eadh an iongantas sin. Bhí sagart eile darabh' ainm dó, an t-Athair Dohmnaill Ó Condon. Do léig sé Aifreann mór thimceall na h áite seo i gan fhios do na saighdiúirí.Tar éis tamaill tháinigh sgéala cuca mar geall air. Chuadar ar a thóir. Bhí an t-Athair Domhnall ag rith i bpáirc mná, gurab'(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Dhálaigh
- Gender
- Female