School: Com Liath (Scoil Brighde) (roll number 8924)
- Location:
- Coomleagh West, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Cróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Liath (Scoil Brighde)
- XML Page 545
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa tsean aimsir nuair a chaillfidhe duine bheadh mná ag deanamh ranna moltha dhóibh agus iad fá clár i dtig an toraimh.Do chailleadh sean duine uair agus thála go raibh inghean leis pósta i mbaile ar a dtugtaoí Ínnse. Bhí bean mhic ag an sean duine posta san dtig agus thárla leis gur ó Innse ab eadh í.Nuair a tháinig an inghean isteach i dtig an torraimh, sheas sí ós a chionn agus seo mar a mhol sí é:-Mo ghrádh thú is mo thaisge
Is ba mhó le rádh thú tamall
Nuair a bhathaí much id' chuid bainne
Idir dhá Chéadaoin an Earraig
Nuair a bhíodh muintir Ínnse dealbh.
Dubairt bean a mhic a freagairt:-Léan ort agus lagair
A sraoile bhuidhe 's a chaile
Is ná cuir bréag go deó ar mhairbh
Is go mór mhór ar t-athair
Mar níor mhuich é ach banbh
Is níor leis féín an bainne
Ach e baluighthe aige ar fuaid na mbaile.(continues on next page)