Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)

Suíomh:
Tooms, Co. Cork
Múinteoir:
Seán de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 212

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 212

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Toames, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 212
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhéarsa a dhein bean caointe os cionn cuirp leinbh ministéir nár thug ach dhá phingin don bhean caointe chun an chaoine a dhéanamh.

    Bhearsa a dhein bean caointe ós cionn cuirp leinbh Ministéir nár thug ach dhá pingin don bhean caointe chun an chaoine a dheanamh.

    Mo chara thú a Mhinistéir
    A thug dom dhá phingin
    I gcóir do leinbh a chaoineadh
    Ar nóin Tá sé in ifreann
    Mar a bhfuil an chuid eile agaibh
    Siar ag a earball timcheall
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
  2. (gan teideal)

    Bhéarsa a dhein bean caointe os cionn cuirp a bhí go haindeis ar an gclár tórraimh.

    Bhéarsa a dhein bean caointe o's cionn cuirp a bhí go h-aindeis ar an gclár tórraimh. Nuair chonnaic sí an crot abhí ar an gcorp. féasógach, súil oscaileach, cam shiúleach, cos lúbach. Do baineadh geit aisti agus thosnuig sí mar seo:-

    Tá do chosa suas led' chliabh
    Is tá do fheasóg fhada liath
    Is tú ag feachaint soir is siar
    Is mo anam saor ó'n ndiabhal
    Ach ní fheacaigheas do leithéid riamh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.