Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (uimhir rolla 16210)
- Suíomh:
- Céim an Fhia, Co. Cork
- Múinteoir: Donncha Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
- XML Leathanach 037
- XML “Scoil Scairte ar an Ghoirtín Fliuch”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)binnsí sa sgoil sin. Bhí an Gearaltac ag múineadh ann ar fead cúig mbliadhan. Fear an- léigheanta agus máighistir an-mhaith dob' eadh é.
- Sean-fhocail a fuareas ó Phádraig Ó Murchadha, Gort Luachra. D’airigh sé ages na seandaoine iad i dtosach a shaoghail.Is cuma leis an neart cá mbíonn sé.
Is gairid ó'n inchinn a bhíonn an anachain.
Tugann béal na h-uagha rud do bhéal na truagha.
An rud ná h-imthigheann faghtear é.
Oireasbadh a mhéaduigheann cumha.
Dhá dtrian a dtaisgithear ní fios cé chaitheann é.
Ní lugha an fhrigh ná máthair an uilc.
An té beirtear chun a chrochta ní baoghal do é bháthadh.
Gach muc mar a leabaidh.
Níor tháinig olc riamh i dtír ná i ndúthaig ná go mbhfearr do dhuine éigin é.
Ní don abhras an chéad tsnáith.
Lán tighe clainne lán tighe d’ór.
Más bréan í an ladhar is don chois í.
“Buidheachais le Dia", arsan bhean, nách é saor an bháid a dheinan tigh.
Ciúinas do shíoladóir agus tíormacht do sheana-bhróig agus gaoithe do luing gan lón.
Ceannuigh ar a trí agus díol ar a seacht agus ní beir chodhche gan capall maith.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort Luachra, Co. Cork