School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (roll number 16210)
- Location:
- Céim an Fhia, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
- XML Page 027
- XML “Saighdiúirí Cromail agus Pádraig Ó Conaill”
- XML “An Gorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)faid agus níl ar Ghort na Binne anois ach dhá líon-tíghe de mhuinntir Connaill dtaobh is go raibh seilbh na h-áithe go léir aca ar feadh tamaill dá saoghal.
- Bhí tairngireacht ag na Breathnaigh a bhí na gcómhnaidhe sa Lodge i gCarn na Dabhaire i n-aice Béal Átha-'n-Ghaorthaid go dtiocfadh an Ghorta. Bhí eolas fághalta aca a leabhar éigin a fhuaireadar ós na Tighearnaí Talmhan. Bhíodar ag comhairluighadh dos na feirmeoirí beaga bochta a bhí timcheall ortha, aoinne gur mhaith leo a gcuid talmhan do dhíol mar go raibh an Ghorta ag teacht. Ni bhfuighidís puinn daoine san am san a thóghadh an talamh. Tháinig an Ghorta agus do cailleadh na mílte leis an ocras. Bhí sean-mháthair Pádraig a innis an sgéal so bhí sí i n-aimsir i nGort an Pludaig agus maidin Domhnaigh agus í ag dul ar Aifreann i mBéal Átha-'n-Ghaorthaidh connaic sí triúr marbh ag an ocras ar an mbóthar roimpi. Bhí fear gur b'ainm do Mícheal Ó Ceallachain marbh ar Ghort a' Pludaig. Bhí cailín breágh agus cúl cas craobhach uirthe sínta fuar-marbh ar ghruadh an tsean-bhóithrín i gcoinnibh an chlaidhe ar Dhrom an Ailtig agus an tríomhadh duine ar an lána ag dul isteach i Sráid Bhéal átha-'n-Ghaorthaidh.
Bhí fear ar Ros an Locha ar thaobh locha an Ghúgain(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gort Luachra, Co. Cork