School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (roll number 16210)
- Location:
- Céim an Fhia, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
- XML Page 008
- XML “Tiarna Talún - An Greathánach - Ceannach na Talún - Troid i gcoinnibh Tiarnaí Talún i mBaile Átha an Ghaorthaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar 'Simpson' a cuir amach agus an feirmeoir a cuir i seilbh airís. D'imigh Simpson go dtí an bhearraic i dtheannta na bpíléirí agus chaith sé an oidhche ann agus do theich sé leis féin ar maidin. Bhí fhios ag cách ná raghadh na fir a dhein an gníomh misneamhail seo saor ó'n dlighe agus ní raibh iongnadh ortha nuair a tháinig tímpal leath-chéad píléirí ó Dún - Maonmhuighe ar an 16ad lá de Mhí na Lughnasa agus do gabhadar naonbhúr fear. Do rugadh iad ós chómhair na cúirte i Maghchromtha agus tar éis an sgéal do phlé do sgaoileadh amach ar bhannaí iad go dtí Seisíon an Geimhridh a bhí chúghainn.
I gcionn seachtmhaine na dhiaidh san tháinigh na báillí agus na píléirí airís agus chuireadar amach Diarmuid Ó Mathghamha airís agus cuireadh fear dárbh' ainm Mac Dáití i bhfeidhil na h-áite agus tugadh breis píléirí isteach san áit chun aire do thabhairt do. An Domhnach na dhiaidh san tionóladh cruinniú puiblidhe i bpáirc ar thaobh an bóthair taobh thoir do droichead Ínse an Fhosaidh agus tháinigh Ball de'n Phárlimint ann agus daoine cáileamhla eile cun labhairt i gcoinnibh an chur amach. 'Sé an cómhairle a ceapadh ná iarracht a dhéanamh ar an aodhaire do chur amach agus Diarmuid do chur isteach -(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gort Luachra, Co. Cork