School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (roll number 16210)

Location:
Céim an Fhia, Co. Cork
Teacher:
Donncha Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 006

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 006

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
  2. XML Page 006
  3. XML “Tiarna Talún - Mac Uí hUidhir (Hoare)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí tighearna tailimh i nDroichead na Banndan gur b'ainm do Liam Ó h-Uidhir. Bhí seo tineontaithe aige i mBéal átha-'n-Gaorthaidh. Bhí sé díon i dtaobh cíosa, mar a mbeadh an cíos ag duine an lá san áirithe bhí sé curtha a seilbh aige lar na mháireach. Bhí baile beag cómhgarach do Bhéal atha 'n Ghaorthaidh gur b'ainm do Cathair na Cátha go raibh seo tineontaithe ann - fiche duine nó mar sin. Bhí cuid aca ábalta ar díol agus cuid eile ná raibh ach pé scéal é thug sé órdughadh 'na gcoinnibh go léir agus chuir sé a seilbh iad aon lá amháin (muinntir Chathair na Cátha). Badh mhór an scannradh bheith ag féachaint ortha - iad curtha amach ar na bóithre a stoc agus a ngamhna agus gach rud a bhain leo, fiú amháin an bainne do cuireadh amac i n-áirde ar na cladhthachaibh é. Fuaireadar tighthe i mBallaibh eile; siar Paróiste Bheanntraighe a thug cuid aca aghaidh agus tuille aca soir go Paróiste Cill Mhicíl agus cuid eile aca nár adaigh teine i n-aon tig go bráth airís. D'imthigh cuid eile aca thar sáile agus beagán aca le fuacht agus le fán an tsaoghail. Bhí duine des na tineóntaithe 'na sheasamh sa doras agus an cíos na láimh aige. "Sin é an cíos agus cé thógfaidh é" ar seisean. Ach ní thógfaí uaidh é - an talamh a bhí ón dTigearna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish