Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 069
- XML “An Fear Saibhir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar dheall ar an lá na dhiaid sin.
Dubhairt sé leis féin "go mbeadh sé ag ól airís amáireach." Nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhí sé air meisce agus nuair a bhí sé ag dul thar abhainn do tuit sé isteach agus do bhí sé ag snámh ar feadh tamall. Nuair a tháinig sé amach.
Do bhí sé go léir fluich agus chuaidh sé isteach i dtig éigin a bhí ar thaobh an bóthair agus d'iarr sé "loístín na h-oidhche" agus do fuair sé é nuair a bhí sé ag dul i chodhladh do cuir sé a h-eadaighe go léir le h-ais na teine ag trimiughadh.
Nuair a bhí gach aoinne sa tig na chodhladh go sámh do bhí an fear saidhbhir ag caint agus ag siubhal mórthímpeall an t-seomra do bhí sé ag caint cómh h-árd san gur dhúisig sé gach duine a bhí sa tig ansan d'eirig fear an tíghe agus dúbhairt sé leis an fear saidhbhir "cad na thaobh ná théigheann tú a chodhlad duit féin agus ná bí mar sin," agus dúbhairt an fear saidhbir "mind your own business please(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Donnabhaín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Céilleatair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 32
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Cork