School: Bréan-tráigh (B.)

Location:
Unionhall, Co. Cork
Teacher:
Tomás Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 287

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 287

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bréan-tráigh (B.)
  2. XML Page 287
  3. XML “Nótaí Beaga ar Sheán Máistir Ó Coileán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dó teacht amach ar an mbóhar airís. Is dócha gur bhain an tomadh san uisce cuid den tromaidheacht codladh dhe. Pé ar domhan é, níór theip an fhilidheacht air. Dubhairt an bhean leis gur mór an náire dá leithéid sin de scoláire bheith mar sin ar meisce os cómhair na ndaoine. Ghriog cainnt na mná é a's labhair sé mar seo:-
    "Fear na meisce síoraidhe,
    Agus bean ar uile shíntighe,
    Agus bean na buile dá chur i dtuisgint
    D'fhear na meisce a dhroch-phuíntí."
    Lá eile bhí Seán i gCorcaig ag ceannacht leabhar. Nuair a bhí na leabhair ceannuighthe aige, bhuail sé isteach i ditgh tabhairne chun an tart a bhaint de. Cé bheadh istigh roimis ach file eile Mícheál Ó Mulláín. Bhí amhras ag Seán gurab é an Mullánach a bhí ann agus bhí an scéal céádna ag Míheál, ní raibh sé deimhinitheach arbh'é an Coileánach a bhí aige. Bhíodar ag feachaint ar a chéíle ar feadh tamaill. Annsan do thóg Mícheál a gholine nú an cnagire abhí 'na láimh aige agus dubhairt:-
    "Fé thuairim do shláínte a mhic Uí Choileáin pe'cu Coileán nú madra thú,
    Ní raibh na focail ráidhte aige Mícheál nuair d'fhreagair Seán é mar seo:-
    "Do shláínte-se airí a mhic Uí Mhulláín pe'cu bullán nú tarbh thú.
    "Dar so is súd ní h-aon fhear eile i n-Éirnn tu mar an Seán Ó Coileán ó'n nagarraidhe," arsa Míheál.
    "An fear céádna,"

    "
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Donnabháin
    Gender
    Male