School: Bréan-tráigh (B.)

Location:
Unionhall, Co. Cork
Teacher:
Tomás Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 286

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 286

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bréan-tráigh (B.)
  2. XML Page 286
  3. XML “Nótaí Beaga ar Sheán Máistir Ó Coileán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá beagán curtha síos ár Sheán Máíghistir i mbearla agus i ngaodluinn cheana agus dá bhrígh sin ní sgríóbhfad annso ach cúpla sgéal ná fuil i gcló fós. San bparóíste seo Mídhros do chómhnuig an file, agus bhí tig ar chíos aige in-aice seipéil an stuicín ar bhár na Ceapaighe, agus is ann a bhí sé ''na mháighistir sgoile, in-aice na h-áite seo tá coill cois fairrge - an leaca riabhach - agus istig sa choill, tá "Leabhaidh an File" mar a chaitheadh sé a lán aimsire. Ag tagairt do'n choill seo a bhí sé nuair a dubhairt sé 'san "mBuachaill () Bán -:
    "Maidean laoighil fé dhuille chrainn glas,
    Doire am ainair (?) cois imeall tragha."
    Agus airís a dubhairt sé in - amhrán eile -:
    "Crann crithe is "Déíl" a's craobh glas den chuileann mar dhíon,
    A's duilleabhar na gcraobh mar éádach leaptha mo chínn."

    Thimcheall leath-mhíle lastuaidh den t-séípéal ar taobh an tsean-bóthair bhí síbín - "Poll's Shebeen" an ainm a bhí air, agus is righ-mhinic a bhíodh Seán ar ramhcán ann. Bhí sé ar sheachrán lá agus luigh sé i gcoinnibh claidhe íseal ar thaobh an bhóthair, agus pé útamáíl a bhí ar siubhal aige shleamhnuigh sé thar chlaidhe isteach i lochán - "Lochán Buidhe," Bhí bean bhocht a bhí ar éádtromacht céille ag gabhail thar brághaid an uair chéádna, is chonaic sí Seán istig sa lochán. Dhein sí anonn air, is thug sí cabhair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Donnabháin
    Gender
    Male