School: Bréan-tráigh (B.)
- Location:
- Unionhall, Co. Cork
- Teacher: Tomás Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Castle Eyre (Ivor), agus deir Seán Máighistir gur thóg Ivor Ó Donnabháin é sa bhliain 1260. Is deallrathach go raibh fuil na nDanar in Ivor, agus deirtear gurab an-mháirnéalach é, agus deireann sgéal áirithe go mbíonn a bhád le feiscint gach seachtmadh bliadhain ag du fé lán tseol trasna locha cluthmhar. Pé sgéal é tá radharc bhreagh ó’n gcaisleán ar an bhfairrge ó Ceann Dún Déide go Carn Uí Néid. Tá “Tobar na gCaolán” i Lios Toircín leis.
17 Árdach, ball árd é seo agus tá cill ann in a gcuirtear leanbhaidhe gan baiste.
Sin a bhfuil de bhailtibh fearann i Midhros anois. - Deirtear go bhfuil pota óir i bpoll mór fé an gcaisleán atá sa Ráithín agus madra mór nimhneach á chosaint. Seo sgéal a bhfuaireas óm’ athair - Liam Ó Donnabháin- beannacht Dé leis. Bhí sé os cionn 80 bliadhain nuair a fuair sé bás i 1915. Feirmeóir ab eadh é agus chómhnuig sé ar an gCeapaig mar a bhfuilim anois. Bhí sé ag treabhadh lá i bpáirc leis féin, sa dara pháirc lastuidh de shéipéal an Stuaicín. Páirc Thaidgh Uí h-Aodha ainm na páirce sin. Bhuail soc an chéachta ar chloich mhóir (“bualadh” mar a tugtar ar a leithéid fé’n dtauath). Mar ba nós leis do thug sé fé(continues on next page)
- Collector
- Tomás Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Liam Ó Donnobháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- Over 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Bawnlahan, Co. Cork