School: Bréan-tráigh (B.)

Location:
Unionhall, Co. Cork
Teacher:
Tomás Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 269

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 269

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bréan-tráigh (B.)
  2. XML Page 269
  3. XML “Paróiste Mhírois”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Mídhros atá mar ainm ar an bparóiste seo anois, ach garraidhe Cairbre a bhí air sa tsean-aimsir. In amhrán beag do cheap ár bhfile léigheanta Seán Máighistir Ó Coileán, tosnuigheann se mar seo~ "lá is mé ar mearaidhe ag siubhal liom féin sa Gharraidhe". Ta an talamh go maith, saidhbhir ann gan amhras, agus i dtuairim ár sinnsir b'é an talamh ab'fhearr le faghail i mbarúntacht Iar-Chairbre é. Tuigtear é seo ó shean-rádh eile - "Mídhros, mar a fhásfadh an síoda dá gcuirtí an síol ann". Ta sé suidhte in aice na fairrge, agus deineann cuan Bhaile an Chaisleáin ar an dtaobh thiar, agus Cuan cluthmhar na léime ar an dtaobh thior, leith ínse dhe. Bláth na Gréine agus an Bhrághaid na bailtí is sia thuaidh sa pharóiste, agus ar an dtaobh thiar thuaidh sa sruthán nú caol uisce a ritheann ó loch Staley tré chúm an chaolaigh, agus siar ó dheas go droichead béile an chinn Mara, 'Siad so na bailti fearainn sa pharóste -: An Bhrághaid - tá coill bláth na Gréine ag dul leis an mbailte seo agus is ann atá sean reilig an Teampall bán, mar ar cuirtear fós anois is airís, idir caitlicidhe is protustúnaigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Donnabháin
    Gender
    Male