Scoil: An Dúinín (uimhir rolla 4444)
- Suíomh:
- Dooneen, Co. Cork
- Múinteoir: R. Ó Motharua
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Dúinín
- XML Leathanach 125
- XML “Tobar Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobar Bearracháin Naomhtha suidhthe i mbaile-fearainn Bóthar an Gleanna timcheall caogad slat ó Chaisleán Uí Dhrisceóil (atá 'na fhothracha anois) agus an fhaid céadna ó roilig an Chaisleáin, atá in úsáid fós. Tá sé cois srotha a ritheann isteach sa fairrge cois na roilge. Fé bhun carraige atá sé, agus beag nach clúduithe le driseóga.Is ar an 3adh lá de Mí na Nodlag a thugann na daoine cúaird ar an dtobar seo acht deirean daoine eile gur ar an 11adh nó an 12adh lá de Mhí na Nodlag a thugann siad an chúaird. Tá lá na h-oilithreachta a' fághail bháis anois. Ní théigheann acht foth duine ann anois.Téightear ann chun paidreacha do rádh in anóir do'n Naomh agus chun an t-uisce d'ól mar leigheas nó cosaint i gcoinnibh fiabhrais ar feadh na bliadhna. Tugtar é d'aoinne ag tuar an fhiabhrais.Deirtear "Go mbeannuighthear, duit a Mhuire" srl trí úaire, annsan deintear Fioghar na Croise sar a n-óltar an t-uisge. Aoinne ag lorg tairbhthe spioradálta, cuirtear "ceirt" nó "bonn naomhtha" ceangailte ar an dtor(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- R. Ó Motharua
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Príomhoide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seámus De Búrca
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Teachta Dála (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)