Scoil: An Dúinín (uimhir rolla 4444)

Suíomh:
Dooneen, Co. Cork
Múinteoir:
R. Ó Motharua
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0298, Leathanach 120

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0298, Leathanach 120

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Dúinín
  2. XML Leathanach 120
  3. XML “Na Prátaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cuirimíd prátaí gach bliain mar biadh maith sláinteamhail is ead íad do dhaoine. M'athair a h-ullmhuíonn an talam in a gcóir agus obair dhian is ead í. Cuireadh sé aoilea [?] feirme agus feaman ar an dtalamh cun barra maith a bheith ann.
    Is in iomairíbh a chuireann m'athair na prátaí mar deireann sé go mbíonn síad níos thrime. Is mar seo a dheineann m'athair na h-iomair. Ar dtúis bíonn céacht aige agus iompuigeann sé aon fóid amháin, agus treabhann sé fód eile i gcoinnibh an chéad fóid. Treabann se go dtí go mbíonn sé fóid treabhtha aige. Annsan bíonn an iomra deanta.
    Ní chuimhin le m'atair na le m' mháthair gur úsáideadh chéachtaí adhmaid ríamh.
    Na prátaí ná bfuil ró-mhór is ná ró-bheag is eadh is fearr mar prátaí síl, mar ní bhíonnsíad lobhtha in a lair ar nós na prátaí móra.
    Mo mháthair a ghéarrann na sciolláin agus seo mar a deineann sí an obair. Bíonn scian mhór ghéar aici agus sáthann sí an scian tríd an bpráta. Annsan gearrann sí súil amháin amach as agus an fuighleac a bhíonn fágtha cuireann sí i mbuicéad é le píosaí eile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Siulleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ballycahane, Co. Cork