School: Ros Mhic Eoghain (roll number 1388)

Location:
Rossmackowen, Co. Cork
Teacher:
Seoirse Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0278, Page 105

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0278, Page 105

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ros Mhic Eoghain
  2. XML Page 105
  3. XML “Piseoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1. Dá mbeadh duine ag dul ag iascaireacht agus dá mbuailfeadh bean ruadh leis deirtear go mbeadh an mí-ádh ag leanaint ar feadh an lae agus go mbeadh sé cómh maith do chasadh thar nais.
    2. Tuaraidh iseadh crúdh chapaill d'fhaghail agus é iompuighthe cughat.
    3. Gan tobach do chaitheamh an fhaid a bhíonn duine ag deanamh cuiginne.
    4. Ní ceart tigh do tógaint ar casán nó ar bóithrín mar bheadh sé sa tslighe ar na sidheóga agus iad ag gabháil an tslighe.
    5. Ní ceart bainne nó ím do thabhairt d'aoinne Lá Bealtaine.
    6. Gan an luaithe do chuir amach an céad lá d'en bhliadhain.
    7. Cnámh teine do lasadh i ngáirdín na bprátaí oidhche Lae Shain Seáin.
    8. Bíonn súil le litir ag an té a chíonn spideog.
    9. Nach cheart eidhin do ghearrad ó thig nuair a geibhtear ag fás ann é.
    10. Gan margadh do dhéanamh nó bheith ag mairgíneacht Dé Domhnaigh.
    11.Gan uaigh do dhéanamh Dé Luain.
    12. Má teigheann tú isteach indoras caithfeá teacht amach an doras céadna.
    13. Má romharann tú uaigh led' sluasaid fein gur tú féin an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish