School: Ros Mhic Eoghain (roll number 1388)
- Location:
- Rossmackowen, Co. Cork
- Teacher: Seoirse Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Mhic Eoghain
- XML Page 106
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)céad duine a raghadh ann.
14.
15. Má théigheann tú go tigh comarsan maidean Lae Bealtaine beid toradh na mbó agat i gcoir na bliadhna.
16. Má chítear rian coise sa teinteán tar éis an teine do coigilt Oidhche Coille go bhfuighead duine bás sa tig roimh deire na bliadhna.
17. Ní ceart dul isteach i dtigh De h-Aoine.
18. Nuair a geibheann duine bás cuirtear a cuid éadaig amach tré h-oidhceannta as a chéile.
19. An duine deireannach ara fhéacainn duine a bheadh ag fághail báis gurb é sin an céad duine eile a gheobhad bás.
20. Dá bhfuighead duine bás ó galar tógálach tréad caorach do chur isteach sa tseomra.
21. Dá dtiocfadh duine isteach sa tigh an faid a bhíonn tú ag déanamh cuiginne ní mór dó cúpla buille do bhuaileadh air.