School: Windgap, Thomastown (roll number 5698)

Location:
Windgap, Co. Kilkenny
Teacher:
Bean Mhic Eoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0852, Page 002

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0852, Page 002

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Windgap, Thomastown
  2. XML Page 002
  3. XML “An Bhean a d'Éirigh ón Uaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó, agus bhí sé ag dul abhaile ó'n aonac. Bhí an dorcadas ann, agus bhí capall bán agus cárr aige. Ar a slíghe dhó abhaile chonnaich sé bhean ag siubhal ar tháobh an bhóthair. Ní raibh fhios ag an bhfear cérbh í, nó cérbh as dí, ach d'fhíafruig sé dí a raghadh sí isteac sa chárr, agus go chúaidh, ámh.
    Ach, dár ndóigh, nuair a bhíodar ag dul thar cnoc, thosnuigh an capall ag chur alluis.
    "Cad tá tar éis teacht ar an gcapall," ar seisean
    "Is dóigh liom go bhfuil sé ana thuirseach."
    "Mhaise," arsa an bhean, "na bach san. Rud maith iseadh é tú a íarraidh orm dul ins an gcárr, mar bheitheá marbh maroin amáireach, ach tráth is gur dhein tú an tairbhe so, ní marbhóchaidh mé ar ao'char thú. Ach má cloiseann tú an capall so ag déanamh aón sórt fothrim 'san oidhche ar d'anam ná bac é."
    Ar an bpoinnte boise thúirling sí ar an gcárr, agus d'imthig as amharc. Chúaidh an fear abhaile agus é ag crith. I gcaitheamh na h-oidhche chúalaidh sé an chapall ag deánamh fothrom mór, ach níor chuir se aón súim ann. Ach mairoir amárac nuair a chúaidh sé chun an stábla, cad a bheadh ann roimis, ach an chapall sínte fúar marbh ar an dtalamh. D'airigheas dáoine 'ghá rádh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Seaghadha
    Gender
    Female