Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)
- Suíomh:
- Cill Rialaigh, Co. Kerry
- Múinteoir: Séamus B. Ó Lúbhaing
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí aodhaire fadó ar chliathán cnuic ag aodhaireacht caorach dá mháistir a bhí sé. Bhí radharc maith ar an seipéal ón áit mar a mbíodh sé ag aodhaireacht.Do bhuail duine treasna an chnuic chuige lá ag dul go dtí an t-aifreann. D’fhiafhruig sé don aodhaire an raibh sé ag dul go dtí an t-Aifreann. Dúbhairt an t-aodhaire ná raibh gur chuige a bhí a mháistir dá dhíol chun aire thabhairt do’s na caoire agus go raibh sé ceart aige san do dhéanamh. Dubhairt an fear leis ná deanfadh san an gnó go deó gur ceart do dul go dtí an t-aifreann. Dubhairt sé go raibh radharc maith ar an seipéal as so aige féin agus nuair a chíonn sé na daoine ag dul isteach go dtí an seipéal gach aon Domhnach go dtéigheann sé féin ar a dhá ghlúin agus go n-abrann sé an choróin faid a bhíonn an t-aifreann ar siubhal. “An dtéigheann tú chun faoisdine go dtí an t-sagairt” a dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maidhchín Shéainín
- Ainmneacha eile
- Maidhchín Shéainín
- Mícheál Ó Siochfhradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 31
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Kerry