Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)
- Suíomh:
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus B. Ó Lúbhaing
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an fear leis.”Ní théighim a dubhairt sé. “Dá bhfágfainn na caoire seo
agus aon nídh a imtheacht ortha faid a bheinn uatha, bheinn ag déanamh gnó bun os gcionn ar an máistir. Ach a bhfeiceann tú an chloch santhuas níl aon tráthnóna ná go dtéighim ar mo ghlúine os a comhair agus deinim faoisdine mo pheacaí léi.” “Téanam i n-éinfeacht liom-sa indiu” arsa an fear leis “agus táim ag tabhairt focal duit nách baoghal do’s na caoire go dtagair thar n-ais”. D’imthigheadar i n-éinfeacht go dtí an t-aifreann agus nuair a chuadar isteach sa t-seipéal¸bhí sgáth na gréine ag teacht isteach trí fhuinneoig an t-séipéil. Do chaith sé a chasóg treasna ar an sgáth agus do choimeád an sgáth suas an chasóg. Do thug an sagart fé ndeara go maith é agus an chasóg chomh maith. Sé an seanmóin a bhí ag an sagart an lá san gur cheart do’s na h-aoinne an bóthar díreach do leanúint.D’éirigh gach aoinne amach ó’n aifreann agus an bóthar go raibh sé seo ag teacht thar n-ais go dtí an áit go raibh sé ag aoireacht, bóthar pludaigh a b’eadh é a bhí lán de shlogáin. Do bhí sé seo ag sádhadh trís na slogaí agus tríd an phluda agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maidhchín Shéainín
- Ainmneacha eile
- Maidhchín Shéainín
- Mícheál Ó Siochfhradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 31
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí