School: Waterville (C.) (roll number 16015)

Location:
Waterville, Co. Kerry
Teacher:
Helen O' Sullivan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 151

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 151

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Waterville (C.)
  2. XML Page 151
  3. XML “An Taibhreamh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    “Ó Conndae Phortláirge dham féin” arsa an fear bocht cráidhte agus ba mhór gan chéill mé agus teacht chómh fada ó bhaile, agus tá sé chomh maith dhom anois dul a bhaile dhom féin acht má bhí sé cráidhte bhí sé gasta mar níor innis sé do fhear Luimnighe gurab é a gháirdín féin sa mbaile a bhí sé tar-éis a rádh leis.
    “Go n-eirighe do bhóthar leat” arsa fear Luimnighe agus go dtugaidh Dia slán abhaile tú.”
    Bhain sé tamall maith de Fhear Phortláirge teacht abhaile. Bhíodh sé thamall ag siúbhal agus tamall ag rithe agus uaireanta eile gheibheadh sé marcuigheacht ar thrucaill ó dhuine éigin a bhíodh ag dul fé dhéin an bhaile mhóir.
    Nuair a bhuail sé an baile bhí sé tuirse go maith. D’adhain sé an teine dó féin agus bhí gráinne té agus bulóg aráin istigh aige cé go raibh an t-arán liath ach ba chuma leis é ma bhí an t-ocras air.
    Nuair tháinig an oidhche chuaidh sé ag glaodhach ar dhuine le na chómharsain a bhí gairid dó agus d’innis sé a scéal dó.
    Thugadar piocóid agus sluasad leo agus chuadar a polladh fé an crann sgeiche gile. Bhuail leac mhór fhada fútha agus nuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish