School: Cathair Samháin

Location:
Cahersavane, Co. Kerry
Teacher:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha

Filter stories

Back
/ 392 Forward
Resolution: Low | High
Cathair Samháin | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 358

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Beag-gháirdín tearc na blátha gann
A’s clár gan meas sa tsaoghal

Ó Sean Ua Séaghdha (ná maireann)
Cathairsaidbhín

Maidean Luan
1.
Maidin Luan cois Íne thuaidh d’Ane
Ar m’eirghe amach go dian mhoch
Is mé ag feuchaint uainn ins na sléibhte fuara
Is gurbh fada uaim tig Daod bocht
Do chuireas orm mo bhróga go leisgeamhail brónach
Is bhí tuille ar an abhainn rómham sgéithte
Ó ghlór na h-abhann tháinig tinneas im cheann
Is n’fheadar cá rabhas in aon chor.

11.
Bhí Willie ar a’ gclaidhe is do ghlaoidh uaidh síos orm
Is é dubhairt sé ní fhéudfar é chur díot in aon chor
B’fhearra leat teacht aníos tá an t-asal i gceann a’ tíghe
Is beurfaidh sé anonn saor thú
Do ritheas aníos is d’éirig orm mo chroidhe.
Is is árd an claidhe ná léimfhinn
Iarraim ar Íosa ar Mhuire is ar Bhrighidhe
Na leoghfhaidh sibh coidhche ar strae mé.
111.

(continues on next page)
Informant
Pádruig Ua Conaill
Gender
male
Address
Cappanagroun, Co. Kerry
Language
Irish