School: Curraichín (C.) (roll number 15979)

Location:
Curraheen, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 277

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 277

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curraichín (C.)
  2. XML Page 277
  3. XML “Scéal mar gheall ar an Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tabhair cuid den mhin seo do Sheán Ó Gríobhtha.
    Tá a bhean na h-óinsig agus a inghean críona
    Tá sé féin na breall agus beidh sé amhlaidh choidhche."

    "Seo," ar seisean le Seaghán "beir leat an páipéirín sin agus téighir go dtí tig an tsagairt agus tabhair do é isteach 'na láimh féin agus gheobhair an mhin. Imtig anois agus ná bí abhfad."
    Dimthig Seaghán agus do rug sé leis an páipeár. Tháinig sé go doras tighe an tsagairt.
    "Cad tá uait-se," arsan bhean a bí ag obair do'n sagart.
    "Dubhradh liom an páípéar seo do thabhairt isteac na láimh féin do'n sagart paróiste" arsa Seaghán.
    "Do snap sí an páipear as a láimh agus dimtig sí isteach.
    "Seo, a Athair," ar sise, "agus deir an teachtaire e thabhairt isteach id' láimh féin duit."
    Do léig an sagart a raibh ar an bpáipear.
    Do leim sé as an gcathaoir.
    "Ce tug dhuit é seo" ar seisean.
    "Duine bocht atá amuich ag an ndoras, a Athair," ars sise.
    "Cuir chúgham annso isteach é" ar seisean
    Do cuireadh isteach Seaghán.
    "Cé thug an páipear so duit" arsa'n sagart.

    (lean ar leath a 79)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Séaghdha
    Gender
    Female
    Address
    Callahaniska, Co. Kerry
    Informant
    Mícheál Ó Séaghdha
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Callahaniska, Co. Kerry