School: Curraichín (C.) (roll number 15979)

Location:
Curraheen, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 281

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 281

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curraichín (C.)
  2. XML Page 281
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ana-bhocht ann uair amháin dar b'ainm dó Mícheál. D'imthig sé leis ag siubhal dho féin. Ní raibh aige ach an t-aon reul amháin. Ar a slighe do do bhuail fear bocht eile leis dar b'ainm dó Seán. D'fhiafruigh Seán do'n fear eile ar raibh aon airgead aige le tabhairt do. Dubhairt sé ná raibh aige ach an reul amháin. "Tabhair dhom é léd' thoil" ar seisean. "Tabharfhad agus fáilte" arsan fear eile. Thug sé an reul do Sheán agus thug Seán mealbhóg do air agus dubhairt sé leis aon rud a raghadh isteach annsan ná tiocfadh sé amach as go deó.
    Chuaidh an bheirt aca a slighe féin. Tamall 'na dhiaidh sin do bhuail Mícheál leis an ndiabhal. Dubhairt an diabhal leis go dtabharfadh sé a dhóthain airgid dó acht dul leis i gceann seacht mbliadhna. Dubhairt an fear bocht go dtógfadh sé an t-airgead. Nuair a bhí na seacht mbliadhna suas tháinig an diabhal chuige agus dubhairt sé leis go ndéanfadh sé trí rudaí do ar dtúis sar a n'imtheóchaidís. Dubhairt an fear leis é chaitheamh le faill agus do dhein. Sé an tarna rud a dubhairt sé leis ribe da chuid gruaige a díriughadh acht do theip air. Sa tríomhadh rud dubhairt sé leis dul isteach sa mhealbhóig agus do dhein." "Anois" ars an fear bocht "Tar amach má's féidir leat ". "O ní fhéadfhainn " ars an diabhal. Thug an fear an mealbóg go dtí seisear gaibhne agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Clubháin
    Gender
    Female
    Address
    Knockaunglass, Co. Kerry
    Informant
    Bean Uí Clubháin
    Gender
    Female
    Age
    68
    Address
    Knockaunglass, Co. Kerry