School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curraichín (C.)
- XML Page 228
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is fearr feachaint romhat ná dá fhéachaint id 'dhiaidh.
Is fearr focal sa chúirt ná púnt sa sparán.
Ná dein mórán cainnte ar bheagán cúise.
Is mór an nidh an neart ars an dreoilín nuair a chaith sé an ciaróg leis an bhfaill.
Ná bíodh an focal mór agus an gníomh beag agat.
Tar-éis a tugtar gach beart.
Níl luibh na leigeas i n-agaid an bháis.
Is maith an t-iománuidhe an té a bhíonn ar an gclaidhe.
Is mairg ná bíonn sásta le na chuid féin.
Is maith é an t-eagla.
Bíodh rud agat féin nó bí i na éagmuis.
Ná bíodh aon iontaoibh agat ar Tadhg an da taobh.
Dá olcas Seán is measa Séamus.
Is féar ciall ceannuig ná caill tabhartha.
Ar a mhaitheas féin a dheineann an cat crónán