Scoil: Cnoc na Bró
- Suíomh:
- Knocknabro, Co. Kerry
- Múinteoir: Mícheál Ó Scannaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Bró
- XML Leathanach 529
- XML “Clais na hÍomhá”
- XML “Goirtín na Plá”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- h.1 Cleas na h-íomhághaTá an áit seo tamaillín beag siar ó reilig Ghobnatan i mBaile Mhúirne. Nuair a tháinig Cromaill go h-Eirinn tháinig a shaighdiúirí go baile Mhúirne. Bhíodar chun an teampall do robáil lá. Bhí íomhaigh Naomh Ghobnait déanta d’óir sa teampall. Thóg fear an t-séipéil an íomhaigh agus chuir sé i bhfolach sa ghleann uaigneach so í. Fuair sé bás cúpla lá na dhiaidh san agus ní’l fhios ag aoinne anois cá bhfuil an íomhaiogh i bhfolach. Deirtear gur nocht crúdh capaill í uair éigin. Sin é an chúis go dtugtar Clais na h-Íomhaigh ar an ngleann ó shoin.
- Goirtín na PlághaSé an chúis go dtugtar an ainm sin ar an áit ná bhí pláigh ag teacht anonn go Baile Mhúirne. Stop Naomh Gobnait an pláigh agus chuir sí í san goirtín sin agus deirtear nár fhás aon nídh san goirtín ó shoin is níor tháinig aon phláigh go Baile Mhúirne riamh ó shoin(leanann ar an chéad leathanach eile)