Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Killarney, Co. Kerry
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 057

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 057

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 057
  3. XML “Ag Déanamh Cuigne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ag déanamh Cuigne
    Bhí táilliúir ag dul amach ag déanamh culaití. Chuaidh sé go dtí bean lá agus bhí sí ag déanamh ime. Tháinig bean de’s na comhursan isteach cuicí. “Mhúch an teine orm, tabhair dom spré teine” ar sise. Thug sí dí an spré teine agus d’imtig sí.
    “An bhfuil an cuigeann déanta” ars an táilliúir. “Níl, tá mo chroidhe briste a d’iarraidh é déanamh.” “An dtagann sí sin isteach cugat gach aon lá a bhíonn tú ag déanamh chuigne.” “Tagann, cad é an díogbháil é sin?” “An mbíonn a lán ime agat,” ars’ an táilliúir. “Mhuise ní bhíonn ach fíor-bheagán” ars an bhean. “Seo comhairle do leasa dhuit, dá mbáil leat gach lá a thagann sí, spré teine a caitheamh síos sa bhfeircín do bheadh deagh-sgéul agat acht ba cheart an spré bheith níos mó ná an spré a thugais do’n gcomhursain.”
    Ainm an duine ó’n a bhfuaras é
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Tig na mBocht, Cíll Áirne
    An ceanntar ‘nar chaith sé a óige:-
    Baile Ruistín
    Daingean Uí Cúise.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Killarney, Co. Kerry