School: Luachair (roll number 10045)
- Location:
- Lougher, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luachair
- XML Page 044
- XML “Na Triúr Driotháireacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Aon tráthnóna amháin nuair a bhí sé ag ithe a shuipéir thógadar greim air agus chuireadar isteach i mála mór é agus thógadar é go dtí an tráig. Bhí tig tábhairne timcheall ceathrú míle ó'n dtráig. Chuadar istig sa tig agus d'fhághadar Tomás amuigh sa mhala. Bhí fear ag teacht abhaile ó'n aonach agus nuair a chualadh se an fear ag caint istig an mhála. D'iarr an fear ar é féin a leigint ar an uair seo agus dubhairt Tomás leis an có [?] a bhainnt de'n mála agus é féin a leigint amach agus raibh sé féin ábhalta dul ann an uair ba mhínn leis. Chuaidh an fear isteach sa mhála agus córdaig Tomás go maith é. D'imthig Tomás abhaile annsan agus thóg sé na beithidheach leis. Nuair tháinig an bheit amach thugadar greim ar an mála agus chaitheadar isteach san uisge é.
Tháinig nan bheirt acha abhaile annsan. Timcheall a h-aon déag a clog chualadar Tomás ag teacht agus ana glam ar fad [?] aige. Chuadar amach agus chonnachadar scata mór beithidhíg aige. D'iarradar air cá bfuair sé iad agus dubhairt sé go bhfuair sé iad fé'n dtráig. Chreideadar é agus lá(continues on next page)- Informant
- Eibhlín Bean Uí Dhómhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Slieve West, Co. Kerry