School: Luachair (roll number 10045)
- Location:
- Lougher, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luachair
- XML Page 043
- XML “Na Triúr Driotháireacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do thug sé dó é agus nuair thóg sé an céad bhraon do phrioch sé an gráineóg. Scread an graineóg agus dubhairt Tomás go raibh an fuisge sin an olc. Dubairt sé leis go caithfheadh sé ceann eile in ionad an ceann san a thabhairt dó. Thug agus an t-am so níor scread an gráineóg in aoncar.
Annsan d'iarr fear an tsiopa connus a raibh fhios aige go raibh an fuisge go h-olc agus dubhairt Tomás go ndubhairt an lad seo leis é. D'iarr an siopadóir ar é do thabhairt do. Dubhairt Tomás go dtabharthaig sé dó é dá dtabharthaig sé fiche púnt dó. Ní bheadh an siopadóir sásta leis an méid thug sé ocht bpúaint déag air. Chuaidh Tomás abhaile agus é ana mhórdálach asta féin.
D'innis sé dhóibh an airgead mór a dhein sé ar an chroicheann agus cad a dhein an bheirt amadáin ach na ba a bhí acha féin dó mharbhú. Do bhaineadar an chroicheann díobh agus thógadar iad go dtí an baile mór ach dhá mbeidís ag siubhal síos suas na sráide ó shoin ní ceannóchadh aóinne an chroicheann uaithe. D'imthigeadar abaile agus brón mór ortha. Dubharadar annsan go marbhóidís é féin(continues on next page)- Informant
- Eibhlín Bean Uí Dhómhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Slieve West, Co. Kerry