Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 157
- XML “Paidir roimh Dhul a Chodladh do Dhuine”
- XML “Paidir an Tromluí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mhuire mháthair, mo dhian-ghrádh tú,
Is ár gcabhair conganta in am ár ngábhtair.
Mo cheirín leighis tinn nó sláinte,
Is cumraighe m'anam ort insa bhFlaithis anáirde.Gabhaim féd' thimpeall a Mhichíl Naomhtha,
Is ar an Mhaigdin a bhí ag adhlacadh a h-Aon- Mhac,
Ar naoimh, ar aingil, ar asbail cléirigh,
Is ar a n-athair atá sa bhFlaitheas dá n-éisteacht.
Nó ar na lobhair a bhí bodhar gan éisteacht,
Nó ar na daill ná feicfeadh aon rud,
Nó ar an mnaoi do chuimil Díot an t-éadach,
Go bhfuair sí na grásta agus an tsláinte in aonfhacht. - Bhí bean bhocht amuich i Loch agus ní fhéadfadh sí néal do chodladh aon oidhche mar thagadh an trom-luighe uirthe. Sa deire tháinigh bean ó Baile Mór agus mhúin sí an paidir di. Dubhairt sí é an chéad oidhche eile agus thuit codladh sámh uirthe. Ní bréag é.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Uí Cheárnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry