Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 150

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 150

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 150
  3. XML “An Tigh Folamh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá sean-tig follamh ar bhruach na trágha i mBaile'n Reannaigh. Tá sé le feiscint ann fós agus is léir do ghach aoinne nach fothrach é.
    Sé seo an scéal a bhaineann leis. Fear darbh' ainm Aodh Ó Curráin a bhí ina chomhnuidhe sa chomharsanacht thóg sé an tig nuadh san roinnt blian ó shoin. Sé an rud a bhí uaidh ná tigh tabhairne d'oscailt ann, mar mheas sé go ndéanfadh sé go maith ann, go gcasfadh na h-iascairí isteach chuige go minic chum braoinín d'ól.
    Chaith sé roinnt mhaith airgid leis an dtigh, is nuair a bhí sé criochnuighthe cheannuigh sé trioscán is chuir sé ann é. Annsan chuaidh sé chum cómhnuighe ann. An chéad oidhche thóg sé an leabadh air féin is thuit a chodladh air. Mo bhrón: i lár na h-oidhche dúisigheadh go h-obann é leis an bhfothram. Annsan thosuigh an screadaigh agus an t-ologón agus bhí allus ag teacht ar an bhfear mbocht leis an scannradh. Bhí sé beag-nach as a mheabhair.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    An tSr. Eibhlín Ní Chonchubhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    57
    Gairm bheatha
    Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Chonchubhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    54
    Seoladh
    Daingean Uí Chúis, Co. Kerry