Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 135

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 135

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 135
  3. XML “I gComhair Bronntanas na hAthbhliana”
  4. XML “Paidir don Mhaighdin Mhuire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Úrnuighthe do múineadh dom leanbh agus dom féin
    Á dúiseadh le dúthracht ar leabaidh na n-éan.
    Mo ghluin deas a leigint fúm gan achairt chun Dé
    Ar son an úr-mhac a bhí go túiseacht ag sileadh san ngéig.
    A Rí na n-Aingeal, na n-Asbol na bhfáidh agus na gcliar,
    Íosa a baisteadh ina leanbh is gan é áirighthe blian.
    Iad-so atáim ag iarraidh ort, a rí, athair mhic na nGrást,
    Bí fial dúinn, tabhair trócaire duinn,
    Is ná leig m'anam do'n áirseoir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Ó Mhaighdean Mhuire cheannsa, cuimhnigh id' aigne
    Éinne a tháinigh chughat-sa fé athtuirse,
    Agus chuir a mhuinighin asat agus comraighe anama ort,
    Nár cloiseadh riamh fós gur chailis air.
    Chughat-sa dá bhrígh sin a thagaim-se
    Ag éigheamh is ag sgreadaigh ort
    Go nglacfá mé im leanbh chughat,
    Is mé bhreith saor go flaitheas leat.
    Ó a Mháthair an Aon-Mhic ná h-éimhigh m'athchuinge,
    Ach fóir agus freagair mé go trócaireach taithneamhach.
    Aman.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge