Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triúr fear ann aon uair amháin. Bhiodar ar feadh na h-oidhche Dé Sathairn ag imirt cártaí go maidinDé Domhnaigh, agus do sheasaimh coinneal pingne dóibh an fhaid sin ar ar lasadh. Ar maidin Dé Domhnaigh do theastuigh ó dhuine acu dul go dtí an t-Aifreann , agus ní raghadh an bheirt eile in aon chor. Bhiodar ag imirt fós, thuit ceann de's na cártaí ar an dtalamh, agus d'isligh an duine a bhí ag dul go dtí an t-Aifreann chun an cárta do thógaint. Chonnaic sé an deamhan fé'n mbórd agus crúb air.
Nuair a chonnaic sé an deamhan agus an chrúbair d'fhág sé na cártaí annsan agus chuaidh sé go dtí an t-Aifreann, agus d'fhan an bheirt eile ag imirt na gcártaí fós. D'fhanadar ar feadh an lae go léir ag imirt na gcártaí go dtí an oidhche. Stadadar annsan agus chuadar abhaile. Bhiodar ag dul abhaile agus bhuail an duine leo a bhí ag an Aifreann. Bhiodar ag trácht thairis na cártaí. D'imthigh gach aoinne acu ina bhóthar féin abhaile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 70
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cathair Bó Sine, Co. Kerry