Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'na bholg suas í agus thuit sé siar marbh dar nóigh. Ní raibh aon nídh lé deunamh leis ach thóg an figheadóir agus an tseana-chailleach amach agus cuireadar é i bpoll talmhan.
Ní raibh aon nídh sa tslighe ansan air chun na rioghachta ar fad do bheith aige ach an tseana-chailleach agus b'fhearr leis go mbeadh crích airthi.
Lá des na laeannta marbhuigheadar muc a bhí acu agus do cuireadh corcán mór uisce ar a dteine a théigheamh chun í scriosadh. Nuair a dhóigh leis é bheith ag fliuchaidh (fliuchadh) go maith, dúirt sé leis an seana-chailleach feuchaint síos ann, feuch a raibh sé ag fliuchaidh fós. D'fheuch sí síos ann agus do fuair sé a staf iarainn agus do bhuail sé thiar fúithe é agus do chaith síos ann í agus do choinnibh síos nó go raibh sí scólta go maith. Ansan ní raibh aon nídh ag teacht idir é agus ríoghacht an fhathaig ach níor dearmhad sé fios a chur ar a sheana bean i nDún Chaoin agus í thabhairt leis go dtí an gcaisleán mar ar maireadar ar a sásacht.
Níl aon fhocal éithig sa sceul so.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Loic, Co. Kerry