Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí a rith a shaoghail é sa cheárdéain.
"Á! Ná dein é sin." arsan fathach. Leig di féin. B'fhéidir go n-oirfeadh sí sin fós dúinn chun a bheith ag deunamh cleas léi."
"Tá go maiith," arsan fígheadóir, "Fágaimís ansan í mar sin."
D'fhan an sgeul mar sin agus bhí go maith go dtí an cheud lá eile nuair a bhí dínnéar acu i dteannta chéile. Nuair a bhí sé caite acu dúbhairt an fathach gurb air an bhfígheadoir a raghadh cleas éigin a dhéanamh induimh.
"Bhíodh sé de chleas aige baile agam", arsan fígheadóir, "an méid a d'ithimís a chur amach ar na meusa arís, chómh slán, chómh folláin agus a bhí sé 'á d'ithe againn."
"Ba dheacair liom géilleadh dho san," arsan fathach.
"Tabhair dom an sgion san," arsan fíghdeadóir "agus cídhfir go ndeunfad é".
Rug sé ar an sgiain agus sháidh sé isteach i mbun na mealbhóige í, a bhí las'tig dá chuid eudaig agus thairrig trí 'na bholg suas í, dar leis an bhfathach agus scaoil an leite go léir amach ar na meusa as an mealbhóig.
Ní haon moill agamsa an cleas ceudna a dheunamh," arsan fathach. Rug sé ar an sgiain agus chuir sé síos i mbun a phutóige í, agus thairrig trí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Loic, Co. Chiarraí