School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh

Location:
Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
Teacher:
Míchéal Ó Reachtabhra
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 222

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
  2. XML Page 222
  3. XML “Scéal Naofa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Cabhair le máthair cé'n fáth t-aisling?"
    "Go mbeidh tusa dó do crochadh i gceann an pháis." "Go mbeidh do chuid fola fíor-uasal dh'á dhóirteadh go láidir."
    "Is fíor sin a Mháthair. Aon duine a ndeireann t-aisling trí h-uaire ag dul chun báis, racha sé go dtí na flaithis agus Amén a Chríosta".
    Aon uair amháin sa tsean-aimsir. Nuair a bhí Íosa ag rith ó na Iudaigh. Tháinic sé chomh fada le páirc in a raibh gabhair agus caoirigh ann. Annsin chuaidh sé faoi an gabhair le dul i bfolach [< bfollach] ó na Iudaigh agus thosaigh an gabhair ag léimneach agus ag sgreadach. Annsin chuaidh sé faoi an gcaoire agus shábháil an caora é agus ní fhaca na Iudaigh Íosa faoi an gcaora, agus sin é an fáth gur baineadh an olann as an gabhar i d'tosach agus go bhfuil brat maith olann ar an gcaora agus ní'l [?] acht fionnadh ag fás ar an gabhair agus tá sí fuar ch'uile lá sa mbliadhain.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí hÓgáin
    Gender
    Female
    Age
    80
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Baile an Dúlaigh, Co. Galway