School: Caisleán Gearr

Location:
An Caisleán Gearr, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Maolmhuidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 038

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 038

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleán Gearr
  2. XML Page 038
  3. XML “Aonaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aonaigh anois caithfidh sé "custom" a íoc le fear ar an mbhóthar, ceithre piginn ar mhuic nó caora agus sé ar bó.
    Le teasbáint go bhfuil an t-ainmhidhe díolta cuireann an ceannuightheóir a mharc air le breasail má tá sé aige, nó gearran sé cuid de'n fionnadh le siosúr. Muna bhfuil siosúr no breasail aige déanann sé é le laithigh ar bhárr a mhaide.
    Tugtar "luck-penny" i gcomhnuidhe, tuairm's leath-choróin ar beithidheach agus sé pighinn ar mhuic nó ar caoruigh.
    Tugtar an ceannrach le capall nuair a díoltar é ach de gnath bíonn ar an gceannuightheóir é a chur ar ais go dtí an fear ar leis é. Téigheann muintir na h-áite seo go dtí aonaigh i nGaillimh, Áth Cinn, Baile Átha an Ríogh, an Spidéal agus an Turloch Mór ach sé Gaillimh an gnáth-ceann. Má bhíonn aistir fada rómpa tugaid capall agus cárr leo ach siubhlaid go Gaillimh de gnáth. Tosuigheann aonach na Gaillimhe timceall a trí a chlog ar maidin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Caisleán Gearr, Co. Galway
    Informant
    Hanraoi Ó Griallghais
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    An Caisleán Gearr, Co. Galway