School: Sean-Chill
- Location:
- Shankill West, Co. Galway
- Teacher: Riobárd Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Chill
- XML Page 040
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí duine uasal darbh ainm Ó Ciardhubháin in a chomhnaidhe in aice le Ath Cinn agus bhí duine uasal eile darbh ainm De Búrcaigh in a chomhnaidhe in aice le Tuaim.”
Bhí duine uasal darbh ainm Ó Ciardhubháin in a chomhnaidhe in aice le Ath Cinn agus bhí duine uasal eile darbh ainm De Búrcaigh in a chomhnaidhe in aice le Tuaim. Fear croidhe mór a bhí san m-Búrcach agus is minic a bhí mór uaisle na tíre ag dinnéar aige. Ins an deireadh tháinig briseadh ar an m-búrcach agus b'eigin dó an chuid is mó dá duithigh a thabhairt de lucht an ghaimbín agus é féin a fhágháil ar an g-caol chuid. Bhí capall óg aige agus nuair a theastuigh uaidh é a bhriseadh isteach ar an treabhadh ní tharrnóchadh sé uaim na cuing. Chuir sé sa stábla é agus níor thug rud ar bith le n-ithe dhó ar feadh dhá lá. Bhí ocras ar an g-capall óg agus thug an Búrcach amach annsin é agus cheangal sé isteach le sean láir é. Siar go maith on t-sean láir chroch sé punann coirce ar na hamai. Nuair a chonnaic an capall óg an punann coirce thosuigh sé a tarraint ag iarraidh breith ar an b-punann. Bhí an Búrcach ag siubhal mar sin leis an treabhadh nuair tháinig Ó Ciardhubháin an bealach tar éis a bheith a fiadach dhó. Sheas an Ciardhubháin ag feúchaint ar an g-capall óg. D'iarr sé den m-Búrcach cia an fath a bhí aige leis sin. D'innis an Búrcach dhó an fath. D'iarr sé den Bhúrcach a raibh sé pósta. Dubhairt an Búrcach nach raibh. D'iarr sé dhe go cén fath. Dubhairt an Búrcach nach raibh an acfuinn aige le bean uasal a phosadh agus bhí náire air bean tuaithe a phosadh. Dubhairt an Ciardhubhai[n] go raibh an inghean is sine a bhí aige gan posadh ach go raibh(continues on next page)- Collector
- R. O' Connell
- Informant
- Thomas Mannion
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Occupation
- Miller
- Address
- Milltown, Co. Galway