Scoil: Sean-Chill

Suíomh:
Shankill West, Co. Galway
Múinteoir:
Riobárd Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean-Chill
  2. XML Leathanach 001
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear óg láidir a bhí ag obair d'fheilméar nach raibh dúil aige páighe maith a thabhairt do dhuine ar bith a bheadh ag obair dhó. Trath Fóghmhair a bhí ann agus tharla go raibh sé ag baint arbhair d'on fheilmear le corrán. Sa trathnóna shocruigh siad ar an pháighe laé agus b'é seo an socrú a rinne siad. Thiubhradh an feilméar an méid días arbhair do'n oibhridhe a m-beadh cóimhairimhthe aige faoí cheann deich nóiméad.
    Thosaigh an scológ ag cómhaireamh leis. "Días agus dias," adeir sé, "sin dhá dheis, dhá dheis agus dhá dheis, sin ceithre díasa, ceithre diasa agus ceithre diasa, sin ocht n-díasa, ocht n-díasa agus ocht n-díasa sin sé dhías déug, sé déag agus sé déag, sin dhó-dhéag is fiche - agus is deas an dornán arbhair é sin.
    Dornán agus dornán, sin dhá dhornán; dhá dhornán agus dhá dhornán sin ceithre dhornáin; ceithre dornáin agus ceithre dornáin, sin ocht n-dornáin, ocht n-dornáin agus ocht n-dornáin, sin sé dornáin déag; sé-déag agus sé-déag sin dó-dhéag is fich' agus is deas an punann arbhair é sin.
    Punann agus punann, sin dhá phunann; dhá phunann agus dhá phunann sin ceithre phunainn [> phunann]; ceithre phunainn [> phunann] agus ceithre phunainn [> phunann] sin ocht bpunainn [> phunann]; ocht bpunainn [> phunann] agus ocht bpunainn [> phunann] sin sé phunainn [> phunann] déag; sé-déag agus sé déag sin dó dhéag is fic' agus is deas an stúca arbhair é sin.
    Stúca agus stúca, sin dhá stúca. Dhá stúca agus dhá stúca, sin ceithre stucaí; ceithre stucaí agus ceithre stucaí sin ocht stucaí; ocht stucaí agus ocht stucaí sin sé déag; sé déag agus sé déag sin dó dheag 's fich' agus is deas an t-agard arbhair é sin.
    Agard agus agard sin dhá agard, dhá agard agus dhá agard sin ceithre
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padraig Ó hEanacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Carrowntober East, Co. Galway