School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 544

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 544

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 544
  3. XML “Seaniarsmaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ós a gcionn.
    Tá leac mór faoi (?) an gcrann is aoirde atá ar Chnoc an Dúin. Deirtear gur b'í an Bhainríoghan Meadhbh atá curtha ann. Níl aon rud sgríóbhtha ar an lic anois.
    Tá cloch i n-aice le Tobar Éanna i gCoill an Dúin. Tá sé ós cionn cailín atá curtha ann. Inghean Caiptín Airm dob' eadh í. Deireann gach duine a théígheann go dtí an tobar paidir ar son an chailín sin.
    Tá carnán beag cloch ar leath-taobh an bhóthair go Duachta agus tá bean bhocht curtha ann. Deirtear gur caitheadh í feín agus a páistí amach as seilbh i n-aimsir an Ghorta, agus go bhfuair sí bás ar leath-taobh an bhóthair, agus gur chuir na daoine an leac san áit ar cailleadh iad. Deárann na daoine paidir ar son a n-anma nuair a bhíonn siad ag dul thar an áit.
    Tá crois i Leac Aimhreadh i gcuimhne fear a thuit anuas ó'n bhárr tamall ó shoin.
    Bhí leac mhór ornáideach i gCurrán i n-aice le Uachtarárd fado. Bhí daoine ag déanamh bóthair ann agus fuair siad an leac agus d'fágadar faoi an mbóthar í agus níor corruigheadh ariamh í.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí hEnrí
    Gender
    Female
    Age
    39
    Address
    Droim Snámha, Co. Galway