School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 537
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)de na tighthe ceann-tuighe fós ach níl siad ins na tighthe nua.
Sé an sort solus a bhíodh acu ná solus na gcipíní giúise agus coinle géaradh ar a dtugtaoi 'Fadógaí'. Bhíodh truillseáin ag cuid acu, sin luachair ar a gcuiridís géar caorach.
Bhíodh saghas sean-tighthe eile ann i n-a mbíodh na fallaí déanta de múirtín. Fód is eadh múirtín. Bhíodh ceann déanta de chláir ar na tighthe sin.
Is i lár an urláir a bhíodh an teine ag na daoine fadó ariamh. Ní bhíodh aon áit ag an deatach le dul amach ach an doras.
Bhíodh seomra beag déanta amach as na tighthe sin go léir beagnach. Ní bhíodh aon doras ag dul isteach chuig an teach sin ach an doras ag dul isteach ó'n gcistinigh. Ní bhíodh fuinneóg ar bith air. Bhíodh leabaidh ins an seomra sin agus is é fear an tighe nó bean an tighe a bhíodh in a chodladh ann. Cuid de na tighthe cinn-tuighe atá ann anois is cuid de tighthe na sean-aimsire iad. Chuir na daoine seomra mór eile leis an sean-tigh agus chuir siad fuinneóga móra ionnta . Bhain siad an cailleach as an gcistinigh agus bhain siad amach an seomra beag a bhí ar agaidh an tighe freisin. Chuir siad tuighe ar na tighthe freisin i n-áit an fhraoigh, agus chuir cuid acu siléar ar na tighthe.- Informant
- Pádraig Ó Droighneáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway