School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 507

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 507

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 507
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tusa go dtí sin ach nuair a bhéas 'chuile rud déanta mar d'iarr mé ort, feicfidh sibh uilig mé in mo Aingeal geal ag dul go Flaitheas Dé. Beidh mise ag imtheacht anois," ar seisean, "Is gearr go mbeidh mo mhac annseo."
    D'imthig leis agus chuaidh an gabha a chodladh. Ba ghearr a bhí sé ann nuair a tháinig an duine uasal ag glaodhach air. "Bhfuil tú beó?" ar seisean. "Tá," ars an gabha. "Níor chuir mo sgála feín faitchíos araimh ormsa." "Siubhal leat," ars an duine uasal go dtiubhraidh mé do chuid airgid agus do bhricfasta duit." D'imthigh leo agus bhí an bricfasta reidh ag an deirbhshíur dóíbh. D'ith siad agus d'ól siad a sáith. Nuair a bhí siad reidh chuir an gabha a lámh ar a bhaithis go mall reidh dhá choisrughadh féín, is chonnaic an bhean óg an fáinne, agus phreab sí amach, "O Fáinne mo mháthar, cá bhfuair tú é?" Rinne an gabha gáiridh agus dubhairt, "Suidhigidh annseo anois go n-innseóchaidh mé mo sgéal díobh." Thug sé an Fáinne dí agus d'innis sé an sgéal dóibh faoi an méid a thárla ó'n gcéad oidhche a chuaidh sé in a chomhnuidhe sa teach mór. Bhí an gabha ag dul ag imtheacht abhaile annsin ach ní leigfeadh an duine uasal dó. "Caithfidh tú thigheacht liom-sa leis na rudaí seo a iomchur amach mar atá ráídhte agat is íócfaidh mise go matih thú." Rinne sé amhlaidh. Shiubhal siad thart chuig na tineontaí uilig ag tabhairt airgid dóíbh agus ag fághail maitheamhnas uatha, cé is moite don baintreabhach is fada gur thug sí sin a toil, ach thug sí isteach faoi dheireadh. Is dócha gur
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Spealáin
    Gender
    Female
    Age
    90
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway