School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 502

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 502

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 502
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go talamh. Chuir sin fearg mhór air, agus nuair a chuaidh sé amach an mhaidin in a dhiaidh sin bhí sé seacht n-uaire níós measa. Chuir sé deis ar an ngeata agus abhaile leis gur innis sé an sgéal brónach dá bhean. Dubhairt sé leis féín nach ndéanfaidís arís é mar go bhfaireadh sé iad. Nuair a tháinig an oidhche bhuail sé ar a chóa agus amach leis. Chuaidh sé i bhfolach faoi bhun an chlaidhe agus ba ghearr gur chuala sé chuige sgata marcach. Léím siad de na caiple, chaith uatha na camáin, chaitheadar díobhtha a gcasóga agus hcuir siad leinteacha ioldátha ortha. Leagadar an geata agus isteach leo iad féín agus na caiple. Bhí fear mór bríoghmhar ar deireadh agus nuair a bhí sé ag baint a dhillaid dá chapall leag sé uaidh an camán.
    Léim an gabha amach agus rug greim ar an gcamán. "O tabhair dhom an camán," ar seisean. "Ní thiubhrad," ars an gabha. "Tabhair" ars an fear eile agus geallaim duit go mbeidh do choirce go ceart ar maidin, agus uair ar bith a bhéas triobloid ort ní bheidh ort ach glaodhach ar "fhear an camáin," agus "tiocfaidh mé cugat."
    "Tófaidh mé t'fhocal air," ars an gabha, agus abhaile leis. Nuair a d'éírigh sé ar maidin bhí an pháric coirce níos breághtha ná mar bhí ariamh.
    D'fan mar sin go ceann sgathaimh nó go b'éígin do'n gabha imtheacht arís ar lorg oibre. Bhí sé ag imtheacht gur thuit an oidhche air. Chonnaic sé teach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Spealáin
    Gender
    Female
    Age
    90
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway