School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 500
- XML “Luibheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar bainne é.Fásann torthaí beaga ar an gcrann truim. Luibh an Chrainn Truim a tugtar air. Tá leigheas ann do chos nó lamh a bhéadh gortuighthe no leónta. Deirtear gur nimh é agus dá n-íosfeá é gheobhfá bás.Luibh eile seadh an Lus Mór. Déanann sé an díoghbháíl don talamh. Deirtear go bhfuil leigheas ann le h-aghaidh lot nó gearradh.Tá leigheas sa gcaonach dearg do at. Déanann sé díoghbháíl do'n talamh freisin.Deirtear go bhfuil raithneach an-mhaith do bheithidhigh a bheadh eitinn ortha.Fásann an botharán lacain in-áit bhog agus ta sé cosamhail le plandaí gabáiste. Bruitheann na daoine é agus itheann siad é. Tá sé go matih le h-aghaidh inntinn lag agus tinneas cinn. Leigheasann Eibheann dalladh mullóg ar chaoirigh.Tá luibh eile ann ar a dtugann siad an neantóg-chaoch agus tá nimh ann. Is minic a mharbhuigheann sé beithidhigh.Tá leigheas i bhfraochóga le h-aghaidh ba a bhíonn tinn.
- Informant
- Pádraig Ó Droighneáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway