School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 496
- XML “Bóithre an Cheantair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)BÓITHRÍN FEARNACHTTá sé ag dul isteach chuig dhá theach i n-aice le Cornamóna agus amach go dtí Loch Coirrb freisin. In aimsir an Ghorta a deineadh é. Deirtear go mbíodh mná ag obair air chomh maith leis na fir. Brisidís carnán mhór cloch air agus ní bhíodh le fághail acu ach sé pighne sa ló.Tá bóthar eile ag dul suas go MÁM ÉAN. Taobh thiar de'n Mám atá sé. Tá na daoine ag baint usaíd as fós. Nuair a bhíonn na daoine ag tabhairt turas go Mám Éan, an Domhmnach deire de mhí Iúil téigheann siad suas an bóithrín sin agus tá sé an bhog agus fliuch. Ceapann na daoine gur i aimsir na bpeín dlighthe a deineadh é mar bhíodh sagairt ag leigheamh Aifrinn ann.Tá bóthar ag dul isteach go DÚN. Bóthar Dúin a tugtar air agus tá sé maith go leor fós. Deineadh é tar éis aimsear an Droch-Shaogail. Gheibhidís sgilling nó cúpla sgilling an lá mar dob' iad na Protastúnaigh a rinne an bóthar sin isteach chuig an eaglais Protastúnach sa Dún.
BÓTHAR na dTULACHATá sé ag dul isteach chuig portach. Tá portach ag gach duine i gCeathramhadh Garbh i dTulacha agus nuair a fuair siad an portach rinne siad an bóthar. Tá deis curtha air anois. Nuair a bhíodar ag deanamh an bhóthair(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Age
- 38
- Address
- Droim Snámha, Co. Galway