School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 438
- XML “Amhrán an Phoitín”
- XML “Amhrán an Phoitín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán an Phoitín (continued)
“Ó nach deas an rud poitín sa tír seo, ¶ Is nach iomdha sort siamsa a bhíonn ann, ¶ Nuair a leigheasadh sé casacht na h-oidhce”
(continued from previous page)Nuair a cheap muid go raibh againn deagh-Chríostaidhe
Creachadóir tíre a bhí ann.Is a Sheain Dhuibh muna n-athruighidh tú béasa
Agus eiric a dhéanamh ins gach cásNí mhaithfifh Seán Breathnach duit coidhche,
Ar a chúig galún déag agus trí cháirt.Amhrán an Phoitín
“Is deas an rud poitín sa tír seo, ¶ Íocann sé cíos agus "rates”
Is deas an rud poitín sa tír seo,
Íocann sé cíos agus "rates",
Leigheasann sé casacht na h-oidhche
Agus dírigheann sé an sean-duine cam.Is seas an rud gloine de líonta
A thabhairt go fear siamsa in-a láimh,
Is minic a thógamar saoire,
Thart timpeall an tighe a mbíodh sé ann.Bhí sean-bheainín thiar i mBun Inbhir,
Is ní raibh aici acht aon chaoirín amháin,
Cheannuigh sí bairrile de líonta
Ag súil is go ndéanfadh sí níos fearrNí thúisge a raibh aici líonta
Ná tháinig Seán Dubh ar a thóir,
Is a Sheáin Dhuibh ar uair an mheadhon-oidhche
Nár tharraing tú an nidh a bhfuil tú ann.