School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 403

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 403

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 403
  3. XML “Scéalta Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí fear thiar i mBun an Chnuic agus bhí go leor beithidheach agus capall aige. Bhí sé saidhbhir ach ní chaithfeadh sé an t-airgead ar rud ar bith. San gheimhreadh nuair a bíodh beithidhigh lag d'fhanfadh sé ag faire ortha nó go luighfeadh siad sios. Annsin chuirfeadh sé cloch ar a rubaill ar fhaitcíos go dtógfadh an ghaoth iad.
    Lá amháin chuaidh sé go aonach na Gailimhe le cuid de na beithidhigh. Bhí an lá ag báistighe go trom agus bhí sé mall nuair a dhíol sé na beithidhigh. Nuair a tháinig sé abhaile bhain sé a chuid éadaigh fliuch de, agus d'fhág sé a bhríste ar an mbac le triomadh agus níor chuimhnigh sé an t-airgead a bhaint as. Thús i mbárr an tighe a bhí na cearca agus na géanna. Chuaidh an sionnach isteach sa teach an oidhche seo nuair a bhí siad ag ithe a suipéar. D'éirigh fear a' tighe agus rug ar an bpíce féir. Sheas sé sa doras agus ní leigfeadh sé an sionnach amach. Chuaidh an sionnach síos chuig an teine agus rug sé ar an mbríste a raibh an t-airgead ann agus chaith sé sa teine é. Annsin chuimhnigh fear a' tighe ar an airgead agus rith sé chuig an teine ar fhaitchíos go ndóighfidhe an t-airgead agus rith an sionnach amach an doras.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0067**: Fox Caught by Butcher
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Droighneáin
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    An Cheathrú Gharbh, Co. Galway