School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 291

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 291

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 291
  3. XML “Bá”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is minic a bhíos na daoine ag cainnt ar na rudaí a thárla fadó. Fiche bliadhain ó shoin bhí fear in a chomhnuidhe Inis -Dubhros. 'Sé an t-ainm a bhí air ná Seán Seoighe.
    An lá seo bhí aonach ar an bhFairche, agus chuaidh sé ann. Treasna na locha a ndeachaidh sé i mbád leis féin. Nuair a bhí a chuid gnótha déanta d'fág sé an baile le teacht abhaile. Bhí tuitim na hoidhche ann, agus ní raibh mórán solus aige.
    Nuair a bhí sé amuigh i lár na locha do buaileadh an bád in aghaidh carraig mhóir a bhí sa loch. Tháinig poll na mbád, agus thosuigh se ag líonadh le uisge. Fá dheireadh thiar chuaidh an bád síos agus bádhadh an fear bocht.
    Tar-éis cúig lá déag tháinig an fear go bárr an uisge arís. Fuaireadar an chorp, agus thugadar abaule. An lá in a dhiaidh, tugadh chuig an bhFairche é agus cuireadh ann é.
    I Loch Coirb a thárla an bádhadh seo sa mblian 1918. Tá cuimhneamh ag muinntir na h-áite seo go foill air, agus béidh go bráth.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Mícheal Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway